Reachtaíocht
Tá IMEASC ag moladh go rithfear reachtaíocht chun méadú seasta agus inbhuanaithe ar sholáthar oideachas lán-Ghaeilge a chinntiú thar an 20 bliain atá romhainn. Cén fáth?
A haon
Léiríonn an cleachtas idirnáisiúnta is fearr go bhfuil gach tír ina bhfuil cláir rathúla, inbhuanaithe, fadtéarmacha teanga acu daingnithe i reachtaíocht. Reachtaíocht é seo a ionchorpraíonn oideachas trí mheáin (teangacha) éagsúla ina gcórais oideachais.
A dó
Aithnítear in anailísí a choimisiúnaigh an AE go bhfuil creataí reachtúla arna nglacadh ag rialtais, go háirithe i réimse an oideachais, ina bpríomhfhachtóirí a chuireann le beocht teanga.
A trí
Tá creat reachtaíochta de dhíth ar An Roinn Oideachais le bheith in ann an bonneagar riachtanach a phleanáil agus a sholáthar ar bhonn inbhuanaithe fadtéarmach.
Tá dréacht-reachtaíocht ullmhaithe ag IMEASC mar shampla dá bhfuil ag teastáil. Tá sé mar aidhm againn tacaíocht a fháil ó na Teachtaí Dála agus ó na Seanadóirí go léir chun soláthar dóthanach lán-Ghaeilge a bhaint amach dár bpáistí chun freastal ar an éileamh atá ann faoi láthair.