Comhthéacs an Oideachais

Anailís reachtach / reacht reatha

Tá cúlra láidir ag An Roinn Oideachais ar aidhmeanna a leagtar amach sa reachtaíocht a bhaint amach.

Díríonn an taifead seo agus an anailís thíos ar an gconclúid chéanna – is féidir le hÉirinn an sprioc oideachas lán-Ghaeilge a sholáthar don duine as gach 4 atá á iarraidh trí reachtaíocht a rith.

Is é an bunús reachtach reatha don Roinn:
• An tAcht Oideachais 1998
• An tAcht um Oideachas do Dhaoine le Riachtanais Speisialta Oideachais 2004
• An Acht na mBord Oideachais agus Oiliúna 2013

Aistríonn an Roinn an reachtaíocht seo ina beartais; straitéisí, cuspóirí & spriocanna; agus pleananna gníomhaíochta a chuireann sí i bhfeidhm agus a thuairiscíonn orthu.

Aibhsítear sa “Ráiteas Straitéise 2019-2021”, is déanaí ón Roinn, chomh maith lena Tuarascáil Bhliantúil is déanaí (2019), a tosaíochtaí reatha mar atá leagtha amach sa reachtaíocht.

Ní luaitear Oideachas lán-Ghaeilge ag leibhéal ard, ná mar sprioc straitéiseach ná mar ghníomh intomhaiste.

Spriocanna Straitéiseacha reatha atá ag An Roinn Oideachais

SPRIOC 1

Déanfaimid córas freagrúil oideachais agus oiliúna a mhúnlú a fhreastalaíonn ar na riachtanais agus a ardaíonn mianta gach foghlaimeora

SPRIOC 2

Déanfaimid córas freagrúil oideachais agus oiliúna a mhúnlú a fhreastalaíonn ar na riachtanais agus a ardaíonn mianta gach foghlaimeora

SPRIOC 3

Cuirfimid na scileanna agus an tacaíocht ar fáil do sholáthraithe oideachais agus oiliúna chun eispéireas foghlama ar ardchaighdeán a sholáthar

SPRIOC 4

Neartóimid na caidrimh idir oideachas agus an pobal i gcoitinne, an tsochaí agus an geilleagar

SPRIOC 5

Beimid i gceannas ar sheachadadh treo straitéiseach agus córais tacaíochta i gcomhpháirtíocht le príomhpháirtithe leasmhara san oideachas agus san oiliúint

Nóta
Sa “Ráiteas Straitéise” ní thagraítear d’oideachas trí lán-Ghaeilge ach i gcomhthéacs fhreagrachtaí na Gaeltachta.

Déantar gach tagairt don “Straitéis 20 bliain don Ghaeilge” a tharmligean chuig gníomh faoi “Ag Obair leis An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus na Gaeltachta”.

Conclúid

Toisc nach bhfuil aon reachtaíocht ann a bhaineann le soláthar agus leathnú Oideachas lán-Ghaeilge – ní Sprioc Straitéiseach de chuid na Roinne Oideachais í agus aistrítear í chuig fonóta faoin oideachas sa Ghaeltacht.

Measann an AE an méid tagartha i ndoiciméid oideachais ardleibhéil mar tháscaire ar thiomantas stáit d’fhorbairt agus do chur chun cinn teangacha réigiúnacha.


Tuarascáil Eurydice – ‘Teangacha Réigiúnacha san Oideachas’: Caibidil ‘Doiciméid Bheartais’

Níl an Roinn in ann pleanáil le haghaidh oideachas lán-Ghaeilge in éagmais reachtaíochta

Teastaíonn reachtaíocht chun soláthar inbhuanaithe fadtéarmach lán-Ghaeilge a sholáthar