Staitisticí Éilimh
Economic and Social Research Institute
Attitudes Towards the Irish Language study (2015)
Leis an Dr Merike Darmody & Tania Daly de chuid Amárach Research
Fuair an staidéar a rinne scrúdú ar dhearcadh an phobail i gcoitinne (agus nach raibh teoranta do chéimithe an oideachas lán-Ghaeilge):
Roghnódh 23% de fhreagróirí Gaelscoil áitiúil dá mbeadh ceann ar fáil dá bpáistí
D’aontaigh 72% go láidir nó go measartha leis an ráiteas “Ba cheart don rialtas scoileanna lán-Ghaeilge a sholáthar cibé áit a bhfuil éileamh ón bpobal uathu”
Creideann beagnach dhá thrian (64 faoin gcéad) go gcaillfeadh Éire a féiniúlacht mura mbeadh ann don Ghaeilge.’
Tuairisc USI ar Mhúineadh na Gaeilge 2021
Tá ardéileamh ar oideachas trí lán-Ghaeilge ag leibhéal bunscoile agus meánscoile sa tuairisc agus dúirt 70% de na freagróirí go gcuirfidís a gcuid leanaí féin go Gaelscoileanna
Tugadh le fios sa tuairisc freisin go ndúirt 98% díobh siúd a d’fhreastail ar Ghaelscoileanna iad féin go gcuirfidís a gcuid leanaí féin chuig scoileanna lán-Ghaeilge. Molann an tuairisc go gcomhlíontar an t-éileamh seo i gcóras scoile na hÉireann.
De réir figiúirí a d’eascair as an taighde a choimisiúnaigh Conradh na Gaeilge dar teideal Attitudes towards the Irish Language and Irish language policy le Paul Browne de chuid Millward Browne
D’aontaigh 72% leis an ráiteas “Ba chóir go mbeadh gach leanbh i dteideal a chuid oideachais a fháil trí mheán na Gaeilge, más é sin an rogha is fearr leo”.
Kantar Millward Browne
2020
De réir figiúirí a d’eascair as an taighde a choimisiúnaigh Conradh na Gaeilge dar teideal Attitudes towards the Irish Language and Irish language policy le Kantar Millward Browne
Poblacht na hÉireann
Tuaisceart na hÉireann
Sheolfadh 49/23% de thuismitheoirí in Éirinn / i dTuaisceart na hÉireann a gcuid leanaí chuig scoil lán-Ghaeilge dá mbeadh sí ar fáil sa cheantar sin.
Poblacht na hÉireann
Tuaisceart na hÉireann
Dúirt 73/54% de thuismitheoirí in Éirinn / i dTuaisceart na hÉireann gur chóir go mbeadh an deis ag gach leanbh a fuair a mbunoideachas i scoil lán-Ghaeilge leanúint lena n-oideachas i meánscoil lán-Ghaeilge.
An Foras Pátrúnachta
Feabhra 2015
Cuimsíonn staitisticí ó An Foras Pátrúnachta agus ón Roinn Oideachais an tréimhse ó 2013 go 2021. Tá 30 suirbhé san iomlán bunaithe ar thuismitheoirí incháilithe ag freagairt pobalbhreithe chun scoil nua a chruthú.
Cé go gclúdaíonn na suirbhéanna limistéir atá teoranta (tá 70% i mórcheantar Bhaile Átha Cliath) léiríonn siad éileamh comhsheasmhach idir 22% – 26% i ngach suirbhé seachas dhá cheann, agus tá éileamh os cionn 32% ar 6 shuirbhé.
Ba chóir a thabhairt faoi deara gur bhog An Roinn Oideachais go suirbhéanna ar líne in 2019 agus an chuma ar an scéal gur laghdaigh siad líon iomlán na bhfreagraí faoi 80% agus éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge cláraithe ag 1/3 freagróirí. Le líon freagraí níos lú i gceist, bíonn tionchar suntasach ag líon beag vótaí ar an tacaíocht a thugtar don oideachas lán-Ghaeilge.