Anailís Eacnamaíoch ar Reachtaíocht don Oideachas lán-Ghaeilge
Tugtar le fios in Anailís costais is tairbhe a rinne Jim Power Economic Consultancy ar an gcostas féideartha, má dhéantar an céatadán áiteanna lán-Ghaeilge a ardú go seasta ag an mbunleibhéal agus ag an dara leibhéal trí reachtaíocht:
● Níl aon chostas breise ar theagasc trí Ghaeilge
● Tá raon costas caipitil ann a d’fhéadfadh teacht chun cinn ó sholáthar nua
scoileanna ó €0 (ag úsáid na bhfoirgneamh atá ann cheana) go c. € 10bn thar 20 bliain (má bhíonn gach scoil nua le tógáil).
● Tá buntáiste breise eacnamaíoch ann a eascraíonn as an bpoitéinseal feabhsaithe
ag daoine dátheangacha tuarastal níos airde a thuilleamh.
● Is é conclúid na hanailíse go bhfuil na cánacha breise a bhaineann leis an mbuntáiste eacnamaíoch ón oideachas lán-Ghaeilge, fiú amháin leis an gcaiteachas caipitil is airde, ag dul níos mó ná íoc as féin.
● Tá buntáistí sochaíocha eile ann nach ndéantar costáil orthu.
Is féidir le reachtaíocht don Oideachas lán-Ghaeilge buntáiste eacnamaíoch suntasach a chruthú.